Reabhloidi i litriocht na Gaeilge ba ea Padraic O Conaire. Is deacair duinn anois a shamhlu chomh mor is chomh bunusach is a bhi an reabhloid a chuir se ar bun. Nuair a bhi daoine eile ag aiteamh go gcaithfi an litriocht nua a bhunu ar a raibh ann cheana, no ar an seansaol, no ar fhoirmeacha an bhealoidis, chuir se go trean ina gcoinne. Rinne se an beart. Scriobh se scealta a bhain le saol a linne, agus an te a scriobhann scealta a bhaineann le saol a linne, scriobhann se scealta a leifear go deo. Ni he an tEireannach, na an Gael, na an fear no an bhean as Conamara is cas leis, ach an duine fein. Is fior go bhfuil gach locht da raibh riamh ar scealai ar Phadraic O Conaire. Ach saraionn se an uile cheann diobh. Eirionn leis mar ta beatha agus faghairt ina chuid scealta, ta draiocht iontu nach gcaithfidh na blianta. Cruthaionn se saol ina bhfuil an duine fein botunach agus leochaileach agus amaideach, agus ce a dearfadh nach e sin an saol firinneach ar fad? Is maith mar a ainmniodh Scothscealta, mar is scoth na scealta iad